Táim Breoite Go Leor

Home » Past to Present » Art and Literature » Traditional Irish Poems » Táim Breoite Go Leor

 

The poem ‘Táim breoite go leor’ features a conversation between a loving mother and her son, after the boy has fallen sick having eaten poisoned fish. She enquires as to who should have his possessions after death. Finally, the mother asks to know where he would like to be buried: the boy responds by saying in Cill Mhuire, where he will sleep forever.

(source: Dúchas.ie)

Cá raibhais ar fea’n lae uaim a bhuachaillín óig
Cá raibhais ar fea’n lae uaim a chumainn ‘s a stóir
Bhíos ag fiadhach a’s ag iascach a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoite go leor.

Cad do bhí chun do dhinéir agat, a bhuachaillín ó
Cad do bhí chun do dhinéir agat, a chumainn ‘s a stóir
Do bhí nimh agus iasc úr a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoite go leor.

Cad d’fhágfair led mháthair a bhuachaillín ó
Cad d’fhágfair led mháthair a chumainn ‘s a stóir
Lán páirce de bhuaibh bána a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leabaidh táim breoite go leor.

Cad d’fhágfair led dhritháir a bhuachaillín ó
Cad d’fhágfair led dhritháir a chumainn ‘s a stóir
Mo chú gus mo ghunna a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoite go leor.

Cad d’fhágfair led’ leanbhaí a bhuachaillín ó
Cad d’fhágfair led’ leanbhaía chumainn ‘s a stóir
Tá an domhan fada fairsing agus imthighdís leo
Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoite go leor.

 Cad d’fhágfair led mhnaoi a bhuachaillín ó
Cad d’fhágfair led mhnaoi a chumainn ‘s a stóir.
Téad chun ó chrochta agus Ifreann go deo
Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoite go leor.

Cé an áit go gcuirfear thu a bhuachaillín ó
Cé an áit go gcuirfear thu a chumainn ‘s a stóir.
I dteampall Cill Mhuire a mháithrín ó
Agus leog me síos go réidh chun codladh go deo.