A well-travelled poet comes to ‘Inis Cléire’ and falls under the spell of the island. There he hears the voice of Orphéus speaking in the Irish language, exclaiming that the sea wind can make old people young again.
(source: Duchás.ie)
Do shiúbhligheas Éire le fódaibh caola
Ó Cnoc Beann Éadir go Cathair Saidhbhin,
Ó Chuirt an Fhataig go Carn méide
Agus isteach go Cléire do thugas scríb.
Ní rabhas ach seal ar an gcaladh im’aonar
Nuair a mheasas mé féin fé ghearaibh draoidheacht,
Nuair cualadh mé gutha mar ceól Orphéus
Sa teanga ghaedilge bhlasda bhinn
Annsúd a bhíonn drúcht na maidne ag sileadh ón spéir ann
Mar an manna gléigeal a bhí ag pobal Mhaois,
Bíonn gaoth na mara go síorraide ‘g séideadh ann
A dhéanfadh críonán aosda óg aris.
Bíonn an chuach is an druid, an lon ‘s an chéirseach,
I gcómhnaidhe ag géire ag bhárr gach craoibh,
Inis an conair clútmhair ar taobh na gréine
Mar an thog Ciarán Naomhtha an dtúis a chill.