Carraig Aonair (Fastnet Rock)

Home » Past to Present » Art and Literature » Traditional Irish Poems » About Carraig Aonair (Fastnet Rock) » Carraig Aonair (Fastnet Rock)

 

Ó, is an Luan úd an áir tháinig suaimhneas róbhreá,
Agus d’imíodar uaimse leathuair bheag roimh lá,
Ag iascaireacht i mbád i gcontúirt a mbá,
Is go bhfuil iarsma na bliana in bhur ndiaidh go bhfaighead bás.

Ó, is a chlann óg mo chroí, ó, nó an trua libh mar a bhí?
Bhur n-athairín bocht féinig ag géarghol is ag caí,
’Na chuaille trom críonna i gcúil fuar an tí,
Is bhur ndlúthchairde féinig ag céasnamh mar a bhím.

Ó, is a iníon óg mo chroí, ó, ná goilse is ná caoin,
Mar gheobhairse do rogha óigfhear a dhéanfaidh rómhar duit is crích,
Ní bhfaigheadsa mo mhian, ó, ná mo thriúr d’fhearaibh groí,
Ná mo cheathrar modhúil múinte de lúbairibh groí.

Is é Cormac mo stór, rogha na bhfear óg,
Do bhí sé modhúil múinte, ó, lúfar go leor,
Ó, do scríobhadh sé leathar meon le búcla a bhróig’,
Is gurbh í Carraig Aonair a chéile go deo.

Is é Dónall mo mhaoin, an té ab óige dem chlainn,
Agus coicís ón lá san is ea a tháinig sé i dtír,
Gan tapa gan brí, ó, gan anam ’na chroí,
Ach a ghéaga boga geala is iad leata ar an dtoinn.

Tá duine eile dem chlainn, ó, ná tráchtaim thairis puinn,
Is é Donncha, mo scrios é, fear cosnaithe mo thí,
Go mbíodh an fia aige ón gcoill, ó, agus an bradán ón linn,
Fideoga dubha an tsléibhe amuigh, is gan bréag na cearca fraoigh.

Is é mo chreach is mo dhíth, ó, nár dheaghamairne-se ar loing,
Nó imeacht lena chéile mar a dtéadh na Wild Geese,
Bheadh mo shúilse le Críost is le bhur gcúnamh arís,
Go mbeadh mo cheathrar modhúil múinte de lúbairibh groí.

Is í an Nollaig seo chugainn an Nollaig gan fonn,
Ag mo cheathrar breá broinngheal fé shruthaibh na dtonn,
Dá bhfaighinnse mo thriúr ’tá go doimhin ins an tsrúill,
Do dhéanfainn iad a chaoineadh is iad a shíneadh in Achadh Dúin.

’S nuair a théimse ar an gclaí, ó, is nuair a fhéachaim uaim síos,
Nuair a chím Carraig Aonair, ó, pléascann mo chroí,
Ó, is thar n-ais dom arís go baithis mo chinn,
Mar gurb í Carraig Aonair ’tá mar chéile agem chlann.